Ganntanas ar phlúr, tae, éadach agus bróga i rith am an chogaidh. Bhí cúpóin acu. Plúr dubh a bhí acu agus bhí sé doiligh le hithe. Bhí a gcuid ime féin acu, bhí eallach acu fosta. Ní raibh milseáin ar bith le fáil, bhí toitíní gann fosta. Théadh siad ó shiopa go siopa ag cuardach earraí. Bhí 2 siopa i Rann na Feirste. Bhíodh tae agus milseáin le lucht na Coláiste Gaeilge nuair a tháinig siad. Bhí an Margadh Dubh (Black Market) ag dul san am sin, £1 ar phunta tae. White Horse an t-ainm a bhí ar na toitíní a bhí le fáil. | 00:03:13 | |